School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 113
- XML “Sméara Dúbha do Phiocadh as Lios”
- XML “Púcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sméara dubha do phiocadh as liosBhí fear eile in Arragleann fadó agus bhí ana dhúil aige i sméara dúbha. Bhíodh sé á bpiocadh nuair d’fhaigheadh sé an seans i gcomhnaidhe. Aon lá amháin thainig sé go liosachán agus chonnaic sé an áit ar fad dubh leo. Do thosnuig sé ortha á bpiocadh ‘s á n-ithe. Níor bhfada gur bhuail an tart é. Seo leis abhaile agus chrom sé ar uisce liathadh d’ól, ach ní raibh aon mhaith dho ann, ní fada mhair sé gur mhairbh an tart é.
Dá m’bháil leis fanacht ón lios beadh an scéal go maith aige.
[T. Breathnach]- Informant
- T. Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 71
- Address
- An Tír, Co. Kerry
- Púcaí
Bhí bean ann fadó, agus bhí béirt leanbh aici a bhíodh á crádhadh gach lá lena lógóireacht. Lá amháin tháinig táiliúir ’an tig ag déanamh bríste d’fhear a tíghe. Bhí an fear agus a bhean imithe amach ag obair, agus bhí an táiliúir leis féin istig a’dhéanamh an bríste. Ba ghearr gur chualaidh sé na leanbhaí ag cainnt eatortha féin ‘s a rádh nuair a thiocfadh sí isteach arís, go dtosnóchaidís ar scriachach. “Tr'om gal”, arsa duine ’ca leis an nduin’ eile. Do leath a dhá súil ar an dtáiliúir, ach níor léig sé faic air.
Tháinig an bhean isteach taréis tamaill, ach má tháinig thosnuigheadar a scriachaigh, agus bhí sí a(continues on next page)