Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 165
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tá leigheas i "bhfíor uisce" dá dtógtaí as an tobar é díreach le h-eirighe gréine.”
Tá leigheas i "bhFíor Uisce" dá dtógtaí as an tobar é díreach le h-eirighe gréine.- Faisnéiseoir
- Eamon Ó Seagda
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
(gan teideal)
“Bhí fear ar an "dTír" fadó agus d'oibrigheadh sé go dian ar an bhfeirm a bhí aige, go dtí go dtagadh an Ré Nuadh i gcomhnuidhe.”
Bhí fear ar an "dTír" fadó, agus d'oibrigheadh sé go dian ar an bhfeirm a bhí aige, go dtí go dtagadh an Ré Nuadh i gcomhnuidhe.D'fhágadh sé annsan í chómh luat is thagadh an Ré, agus ní chídhtí arís é, go dtí go mbíodh an "Ré Nuadh" imighthe. Nuair a chuirtí ceist ar muinntir an bhaile na thaobh - cá raibh sé imighthe - deiridí - "Go raibh se imighthe le Gealaidh."(gan teideal)
“Deirtear dá n-íosadh duine "Súil Muice" go gcídhfeadh sé an "Ghaoth".”
Deirtear dá n-íosadh duine "Súil Muice" go gcídhfeadh sé an "Ghaoth". Cidheann na muca í i bhfuirm - liathróide deirge.(gan teideal)
“An náire is mó fuair "fionn" riamh do bheadh - "An ghreim deireannach 'na bhéal 's gan faic aige na dhóid".”
An náire is mó fuair "Fionn" riamh do bheadh - "An ghreim deireannach 'na bhéal 's gan faic aige na dhóid."(gan teideal)
“Leigheas de "tinneas fiacaill" iseadh Ceann Grainneóige do bheadh beirbighthe, agus é fuaighte as chuid éadaig in áit éicint agat.”
Leigheas de "Tinneas Fiacaill" iseadh Ceann Grainneóige do bheadh beirbhighthe, agus é fuaighte ad chuid éadaig in ait éicint agat.