Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 110
- XML “An Coileach agus A Chumhacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 110/168
An Coileach 's a chómhacht
Fadó bhí beirt driothár ag corruigíocht i dteannta fuirinn eile naomhóige. Oidhche amháin bhíodar tar éis teacht abhaile ó bheith a’ iascach fean a’ lae. Agus bíodar chun na taoide do fhriotháil agus cur díobh arís ar a trí a chlog ar maidin lae ar na mháireach. Dheineadar an suipéar, agus chuadar a choladh i leabaidhín bheag cois na teine. Do bhíodh na cearca istig ag daoine san am san, agus tímpeall a dódhéag do sheasaimh an Coileach anáirde ar cheann na leabsan agus ghlaodhuig sé dhá uair déag i ndiaidh a chéile. Do rith sé tímpeall a tíghe cúpla uair go cochallach. Do dhein sé fén simné agus bhí sé a léimrig anáirde tre pholl an t-simnéidh. Tháinig sé i lár an urláir arís agus é a’scriachaidh. Tháinig eagla ar an mbeirt, agus iongnadh a gcroidhe ortha ca’ na thaobh é bheith amhlaidh, agus a déanaimh na cómharthaí sin ar fad. Tar éis tamaill tháinig sé isteach san leabaidh agus luig sé ar an mbeirt go maidin. Roim[h] a trí a chlog do phreab sé amach agus croth sé a sciathan agus agus ghlaodhuig sé trí h-uaire.
Do shábháil sé an bheirt ó droch-sprid éicint.
[Éamon ó Seaghdha 46 bl. ó’n athair nach maireann
tá Éamon na chomhnaidhe ar an dTir Uachtarach i Breanndan]- Faisnéiseoir
- Eamon Ó Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- An Tír Uachtarach, Co. Kerry