Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 163

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 163

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 163
  3. XML “Eas Luachra - Francach”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó bhí fear ar an dTír Íochtarach go mbíodh sé mar bhéas aige bheith ag codailt amuig ins na garraidhthe nuair bhíodh sé ag obair. Lá amháin agus é 'na choladh amuigh, tháinig franncach agus rug sé ar chois leis agus bhí an chos ana thinn.
    Cúpla lá 'na dhiadh san, bhí sé ar an ngarraidhe arís agus thuit a choladh air, agus nuair dhúisig sé, cad a chífeadh sé ná Eaisin Luachra agus an chneadh á líogeach (?) aici. Scaoil sé léíthi ar feadh tamaill agus annsan d'imig sí chun siubhail. Tháinig sé an lá 'na diaidh sin arís, agus arís eile: leigfeadh sé air a bheith 'na choladh taréis tamaill, mar bhraith sé an chos a dul i bhfeabas go tapaidh. Nuair bhí sí cneasuighthe níor tháinig sí a thuille.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    2. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    S. Ó Loineacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
  2. (gan teideal)

    Nuair a bheidh an cuideann a dhéanamh agat cuir an tlúth sa teine a deargadh, agus ní féidir le h-éinne annsan an t-im do bhreith uait.

    Nuair a bheidh an cuigeann a dhéanamh agat cuir an tlúth sa teine ar deargadh, agus ní féidir le h-éinne annsan an t-im do bhreith uait.
    Tomás d' Mórdha, Breanndáin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.