School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I bparóiste Bhreanndáin ar an dtaobh tuaidh de chnoc, tá áit ann go nglaodhtar Arragleann air. Sa ghleann san fadó, bhíodh líon tíghe a maireachtaint, agus bhíodh a lán líne aca á dhéanamh fé's na buaibh ann.Nior bhfada uatha - Gleann a t-Sáis, agus bhí a ainm sin riamh anáirde chun sochair den mbuin, mar ionad chluthmhair.Tar éis tamaill do tarla gur bhraitheadar, an lucht áitrimh sin, ná raibh aon bhainne le déanaidhe aige's na buaibh agus ná raibh aon ím aca á dhéanamh fe's mar bhíodh roimis sin.Maidin áirighthe bhí lucht an tighe go léir 'na suidhe go moch, agus nuair a bhí sé an am na ba do seoladh abhaile chun a gcrúidhte, do chonnacadar an bhean ag tarrac téadáin na diaidh trí an bhféar agus í ag dul siar thar teórain as a radharc. Dob ait leo mar scéal é, agus dúbhradar go leanfaidís í siar feuchaint cé brigh a bhí aici leis. Seo leotha, agus níor stadadar gur leanadar isteach 'na tig féín í ar an dtaobh thiar de Dhuibhneach. Nuair chuadar isteach(continues on next page)
- Informant
- Mícheál O Fín
- Gender
- Male
- Age
- 60