School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá baile beag annso i mBreanndán - "Taobh a' Chnuic" - agus is ann a tugtar "Turas Flainn". Glaodhtar an ainm seo ar an dTuras ó Naomh Flann.
Tá béaloideas annso i measc na seandaoine gur mhair Naomh Flann in aimsir Naoimh Bhreanndáin, nó gairid na dhiaidh ; agus gur ó Chontae an Chláir a tháinig sé annso.
Taisbeántar an Oráideán beag 'na mbíodh sé ag guidhe chun Dé, ach de ghréigean a thabhair-fa fé ndeara é ag fiadhaile, féar faille, 's sceacha, anois. Deirtear leis go bhfuil an Naomh curtha ann.
Deirtear go raibh tobar mór in aice na Cille Bige seo ar dtúis, mar a ndeintí an Turas, ach gurb amhlaidh a bhí bean ar an mbaile is gur ghoid sí trí cínn de cheirtlíní snáith' ó mhnaoi chomharsan di.
Do bhuail an bhean gur goideadh na ceirtlíní uaithi, leis an mnaoí seo lá, ag an dTobar Bheannuighthe, agus chuir sí 'na leith iad. Bhí an bhean so taréis leinbh do beith aici aga beag roimis sin, agus ní raibh aon choisricean(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 80