School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 772

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 772

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 772
  3. XML “Seanscéal - Eachtraí Fir Bhoicht ó Cuais an Bhodaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cúig púint arís duit má fhanann tú liom go ceann bliadhna eile" ars an feirmeoir. "Tá mé sásta" ars an fear bocht.
    Nuair a bhí an tarna bliadhna caithte dubhairt an fear go raghadh sé abhaile ach gheall an feirmeoír comhairle eile do in ionad an cúig phúnt agus bhí an fear bocht sásta. Is é an comhairle a thug sé do: "gan gabháilt go brách slighe an chosáin ach an bóthar díeach."
    "Fan agam arís" ars an feirmeoir, "go ceann bliadhna eile agus tabhairfidh mé cúig púínt eile duit." Dhein an fear bocht amhlaidh ach in deire na triú bliadhna dubhairt an feirmeoir go dtabharfadh sé an treas comhairle ar an gcúíg púint a bhí ag dul chuige. Bhí an fear bocht sásta arís. Sé seo an comhairle a fuari sé ó'n bhfeirmeóír: "gan aon nidh bun os cionn a dhéanamh go mbeadh aithrighe ort amáíreach 'na thaobh."
    Dhein bean a' tighe císte aráin dó agus bhailibh sé leis abhaile agus a bhullóg aráin ar a dhrom aige, agus bhí sé ag siubhal riamh is fan a' lae go raibh drúht agus déanaighe na hoidhche a' tuitim air. Chasadh isteach é idtig fheirmeora agus lorg sé lóisdín na hoidhche ar a' bfeirméoir agus fuar sé é. N'fheaca sé aoinne sa tigh ach an fear agus gearrcaile bheag agus í ag obair istig is amuich. D'fiafruigh sé de'n bhfear ar bhí a bhean nó a inghean í. Dubhairt sé sin gurbh í a bhean í. Chuimhnig sé ansan ar an gcéad cómhairle a fuair sé ó'n bhfeirmeóir go raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál O' Concubhair
    Gender
    Male
    Address
    An Fhaiche, Co. Kerry
    Informant
    Pádruig O' Concubhair
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    An Fhaiche, Co. Kerry