School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 794
- XML “Ór i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I bparóiste Chlocháin tá baile ar a glaodhan síad Baile Dhuín air. Tá neón fé thalamh ann. Bhí sé ráidhte 'ges na daoine ceithre fichead blian ó shoin go raibh ór agus airgead i bhfolach ann leis na Loclannaig. Nuair a cualaidh na daoine óga na daoine aosta á rádh go raibh ór agus airgead ann dubhairt siad le'n a céile go raghadh siad isteach ann cun an tór agus an tairgead d'fhághailt. Annsan cuaidh an céadh duine isteach san neón agus níor tháinig sé amach in aon cor. Cuaidh an darna fear isteach ann féacaint cad a choimeád an céad fear istig agus níor táinig sé amac. Bhíodar ag dul isteach go raibh seisear istig agus níor tháinig éinne aca amach. Do cualadh an sagart an sgéal agus tháinig sé ar an spota. Dubhairt na daoine leis an sagart gur cuaidh seiear daoine isteach san néon san agus níor tháinig éinne aca amach.Bhí an sgéal go brónach ag na daoine annsan nuair a connaic siad cad a thuit amach. Dubharadar féin len a céile go ngearrfaidís an talamh ós a gcionn féachaint an raibh siad marbh. Dheineadar amhlaidh, agus cad a cuir cun báis iad ná an droch aer. Do cuireadar na teampall duthchais iad. Annsan romharadar an neón arís agus fuaireadar alán óir agus airgead ann.
- Collector
- Mícheál Ua Duínn
- Gender
- Male
- Address
- An Clochán, Co. Kerry
- Informant
- Donncadh Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- An Clochán, Co. Kerry