School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 849
- XML “Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí lios in Doire na Muiche sa paróíste seo fadó agus tugtaí Lios na Sceacha ari mar bhí alán sceaca ann. Bhí poll ag dul go dtí Seanabaile 'ges na Loclanaig agus bhí alán cloca ann. Bhí fear i Taobacnuic ar ab ainm dó Tomás Ruadh agus bhí sé cun tig nua do thógáil. Lá amháin do cuaidh sé go Caisleán a diarraidh saoir cun an tigh do thógail agus do thug se an saor abaile. Sé an ainm a bhí air ná Seán Ó Murcadha. Gaol do Thadhg Ó Murcadha ó Doire na Muice a beadh é agus idtig Tadig Ó Murcadha a bhí se gac oidche. Cúpla lá tar éis an tig do thógáilt do tairring sé na cloca a bhí ins an poll i Lios na Sceaca. Nuair a bhí na cloca tógtha amac as an poll do cuaidh sé go dtí tig Taidhg Uí Mhurcadha arís. Ins an oidhche do chuaidh sé go Clochán ag bothantuíocht. Bhí sé ag siubhal sios an bóthar agus istig san lios do connaic sé triúr bhan bhán. Do rith sé go Clochán agus do cuaidh sé isteach i dtig Tomáis Uí Néill agus bhí eagla air. Níor cuaidh sé go Doire na Muice an oidche sin in aon cor. Do stad sé idtig Tomáis Uí Neill. Do chuaidh sé go TaobhaChnuic ar maidin agus níor labhair sé focal idtaobh na triúr bhan bhán. Do bhí píosa de'n tigh tógtha aige agus do thuit an piosa sin a bhí tógtha. D'innis sé an sgéul do bhean aosta a bhí idtig Sheáin Ruadh. Diafraigh sí do cá bhfuair sé na clocha agus dubhairt sé go bhfuair sé iad i Lios na Sceacha. Dubhairt sí nár cheart cloca a thógaint as lios. O shan amac níór thóg Tomás clocha as lios.
- Collector
- Micheál Ó Duínn
- Gender
- Male
- Address
- An Clochán, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Duínn
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Clochán, Co. Kerry