School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 891
- XML “Ainmhithe na Feirme”
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag glaodhach ar an muic. Tioc! tioc! leis na cearca, "Biadh! biadh!" leis na turcaithe, "Beadaí! beadaí! leis an gé, "Fín! fín!" leis na lacain. Siad na h-ainmeacha atá ar ár mba: Báiní, Bricí, Caráinín, Blaicí, Dearg, Cúibí agus Bleánann. Cró na mba a glaodhtar ar an tig na mbíonn na ba. Le slabhra agus búarac bhíónn siad ceangailte. Na daoine féín a deinean an búarac, as gruaig eirbeaill no mbó. Gainimh a cuirimíd fé na ba mar leabaid gach oidhche.
Diarmuid Ó Dúbhda,
Baile na Leacan - Siad seo na h-ainmhidhthe atá in ár bfeirm, ba, capall, asal, caoirig, gabhair, cearca, lacain, turcaithe agus géana. Nuair a bhíonn duine ag glaodhach ar na h-ainmhidhthe cun bídh a thabhairt doibh, deireann sí do na cearca, Tioc! tioc! do na turcaithe, Bídh! bídh! do na lacain Fín, fín! Doc! doc! leis an muic. Nuair a bhíonn duine ag seóladh na ba Huis! huis! a deireann sé, do na caoirigh Cuis! cuis! Nuair a bíthear ag tabhairt baine do na gamhna, Súcaí beag! sucaí beag!(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ua Concubhair
- Gender
- Male
- Address
- An Fhaiche, Co. Kerry
- Informant
- Maire Bean Uí Concubhair
- Gender
- Female
- Age
- 52
- Address
- An Fhaiche, Co. Kerry