School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 908
- XML “Cúram na gCos”
- XML “Cúram na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar na fir aosta agus na bróga árda ar na daoine óga.Siobhán Ní Rocháin
Lios na mBó mBán - Fadó do bhíodh bróga rinnce déanta de croiceann madra ag na daoine annso. Timcheall leath céad blian ó shoin ní raibh aon bróga ag na fearaibh go dtí go mbeadh siad fiche blian agus cuid aca ós a ciónn. Bhíodh na mná ag dul go dtí an aifreann gan aon bróga ortha. Nuair a bhíodh na mná ag pósadh sin é an uair a geibheadh siad an céad peire bróg. Do bhí fear ag teacht ón Dúineach go dtí an baile seo agus do bhain sé do a chuid bhróg ar an gcnoc. Do bhuail sé a órdóg igcoinnibh cloch agus do bhain sé spleanc do. "Buidheacas le Dia" ar seiseann "nách iad mó bróga a bhí orm mar do bheadh siad briste agus ní bheadh aon tairbhe go deo riamh ionta." An sórt bróga a caithidís, bróga croiceann caoire agus gabhair, na daoine féín a mhairbh na gabhair agus na caoire. Fadó do bhíodh bróga déanta de adhmaid anso. An sáil a bhí deántade(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ua Concubhair
- Gender
- Male
- Address
- An Fhaiche, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Seán Ó Concubhair
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- An Fhaiche, Co. Kerry