School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 925
- XML “An Táilliúir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá beirt táilliúir i gClochán. Siad so na rudaí a bhíonn acu: míosúr, siosúr, méireacháin, snath, snáthad, agus iarann. Ceanuigheann siad an éadaighe insna siopaí agus deineann siad culaith éadaigh. Nuair a theascuigheann culaith éadaig[h] ó éinne téirgheann sé go dtí an táilliúir chun a thúise a thagaint. Deineann an táilliúir an teádhaig do ghearra agus annsan deineann sé an culaith. Nuair a thaghann éinne adiarraid culaich go dtí an táilliúir, deireann an cailliúir, "Is mairig a bhieadh gan brísce, nó is mairig a bhieadh gan casóg". Deineann cuid des na mná a éadac féin anois le olann caorach. Bíonn siad ag sníomh le turn sníomhacháin. San oidhche fada a bionn siad ag sníomh. Bíonn siad ag cniocáite agus deineann siad peire stochaí nó geansaí as an cniotáilt sin. Tá roth agus turn sníomhacháin agus bionn an roth ag casadh mór timcheall agus bíonn fearsaid ceangailte den tromán agus nuair a bhíonn an snáth ag dul mór timcheall bíonn an snáth ag ceangail ar an fearsaid agus deintear é sníomh arís. Nuair a bhíonn sé sin déanta deintear liathróid mór den snáth. Tá turn sníomhacháin ag mo mháthair agus bíonn sí(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ua Concubhair
- Gender
- Male
- Address
- An Fhaiche, Co. Kerry
- Informant
- Máire Graínne
- Gender
- Female
- Age
- 52
- Address
- An Fhaiche, Co. Kerry