School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 928
- XML “An Táilliúir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ngeóbhadh sé sgilling is reúl agus uaireannta eile b'fhéídir ceithre pingine. Lá amháín cuaidh an tailliúir sin go Tráighlí. Ar siubhal a bhí sé. Ar tuitim na h-oidhche dubhairt sé leis féin ná raghadh sé abhaile in-aoncor. Cuaidh sé isteach i dtig éígin. D'iarr sé ar fear an tighe an bhféadhfadh sé fanúint annso anocht. Dubhairt an fear go bhfeádfhadh. Nuair a bhíodar ag dul a codhladh an oidhche sin cuaidh an táílliúir ináírde ar an lochta. Timcheall a h-aondéag a clog san oidhche, tháinig bacach go dtí an doras agus bhí sé ag cnagadh ar an ndoras ar feadh tamaill. Fé dheire chuir an táílliúir a cheann amach tríd an bhfuineóíg agus dubhairt an bacach leis an táilliúir: "An bhféadhfhainn fanúint annso anocht," agus dubhairt an táilliúir leis d'féádhfadh" act is dócha go mbeidh tú fuar ann," ag tarraing a cheann isteach as an bfuineóíg, agus isteach sa leabaid arís. Tá trí túirne in ár mbaile fearann. Tá ceann againn féin, ceann ag Seán Ó Concubhair agus ceann ag Pádruigh Ó Concubhair. Deintear geansies agus stocaí leis an snáth olann. Fadó deintí caipíní glasa dos na cailíní agus gach lá 'le Pádruig a caithtí iad.
Gerard Ó Concubhair
Fatha- Collector
- Gerard Ó Concubhair
- Gender
- Male
- Address
- An Fhaiche, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Concubhair
- Gender
- Male
- Age
- 85
- Address
- An Fhaiche, Co. Kerry