School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 935
- XML “Scéalta Crábhaidh”
- XML “Scéalta Crábhaidh”
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)curliún. Do thárla gur bhuail Íosa leis an curliúín arís agus dubhairt Sé leis go dtabharfadh Sé Buadhcainc dó, ná geóbhadh éinne a nead do deó agus deirtear nár fuair eínne a nead riamh ó shin.
- Bhí bean i Lios na Caol Buidhe dar ab ainm di Máire Ní Conaill. Seana mháthair do Pheadar Curáin do beadh í. Bean ana cráthfach do eadh í. Deirtear go bhfeaca sí an Maighdean Muire ar bara Cnocháin a' Leasa agus oidhche Nah Máirtín do tháinig muc breac anuas ón cnuc isteach sa cúine chúichi agus mhairbh sí é. Bhí muíntir a' Leasa ag féachaint ar an muc ag gabháilt anuas ón gcnoc chúichi.
- Ta an tasal agus and bó agus an tuan beannuighthe ón lá do rugadh ár Slánathóir ins an stábla. Do bhí an t asal agus an bó istig ins and stábla ar (to) téigheamh Íosa Críost an lá san. Nuair a bhí Íosa Críost na Garsún do thóg Sé an tuan in a láimh agus do dhein sé córadh(continues on next page)