School: Cromán (B.) (roll number 12820)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Stiophán Ó Cobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (B.)
- XML Page 045
- XML “Amhrán”
- XML “Buachaill a Phós”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán (continued)
“Bhíos lá aonaigh i gChiríní an toctmhadh lá fichead do bhfóghmhair ¶ Cé casadhorm acht máthair mo chéile i seomraín éalmhuir ag ól”
(continued from previous page)Shiúbhalas jig house í agus baoth house í,
Agus párlúistí aolmhuir go leór
Agus ní fheaca aon fear ar a méid sin.
A geárfad cluith éaduig lem stóir.
Táim i nearéars i nearéars agus tá
im i nearéars i tig an óil.
Agus na fiacha ná díolfad go deó.Muiris ÓGríbhthín, Glaise VII
Ó Pheig, bean Mhichíl Uí Morónaig,
Glaise, 75 bl- Bhí buachaill ann suím blianta ó shoin, agus chuir sé aidhm ar cailín agus dhein sé múintreas léi.
Sa muinntreas dóibh do phósadar agus ar nós gach aon phósadh bhí braon dighe aca.
Bhí pas rinnce agus pas amhrántaí aca.
Bhíodar ag geiriúdhagh na hoiche leo.
Bhí an oidhche á caitheamh go dtainig a do a chlog.
Do scrad an bhean óg go truaghmhéilach le tinneas fiacla:
Tháinig sí ós cionn na teine agus leig sí urthi bheith ana donaí leis an dtinneas fiachal.
Bhíodar ag caitheamh na hoidhche leó go dtí go dtainig breach an lae ar maidin.
D'eirig sí nuair a bhraith sí an lá agus chuaidh sí amach agus d'fág sí istig an coileachta go léir .
Cad a bhí amuigh roimpe acht a sweetheart.
D'fhág sí ansan a fear póst agus bhailig sí uirthi an bóthar len a sweetheart.
Níor stadadar an súibhal go bhaineadar Sráid Lios Tuathail amach.(continues on next page)