School: Castlerock N.S. (roll number 13242)
- Location:
- Drummartin, Co. Sligo
- Teacher: Frank Haran
![The Schools’ Collection, Volume 0174, Page 006](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0174%2FCBES_0174_006.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0174, Page 006
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Castlerock N.S.
- XML Page 006
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sean-fhear beag thíos i gCúl Carnaigh. Théigheadh sé amach 'cuile oidhche ag cuartaidheacht.”
(continued from previous page)dhéanamh duit anuas ón bFlaitheas déanfaidh mé duit é má chuireann tú as í ach ní thig leat."
Chaith sé an chloch bheag isteach fríd an tigh. Chuir sé an lasair as. D'imthigh an toit. Ní raibh ceo le feiceál.
"Gabh isteach.Impidhe ar bith atá tú ag iarraidh caithfidh tú é a fhághail." ars an Pápa.
"Sé an t-impidhe atá mé ag iarraidh" ars an sean-fhear, dhá leith a dhéanamh de pharóiste Attymas agus Bonniconlon idir dhá séiplíneach.
Thug sé é sin dhó i leitir. Chuir an sean-fhear in a phóca é. Chuaidh sé amach ag an triúr fear a bhí ag feitheamh dhó.
"Gabh isteach sa mbád" ar siad-san.
"Tá do gnóithe déanta."
Isteach leis sa mbád.D'imthig siad 'un na Spáinne.
"Cá bhfuil muid anois" arsa fear.
"Níl fhios" arsa sean-fhear.
"Táimíd sa Spáinn" arsa fear eile.
"Tá gnoithe agam ins a siopa. Tá na Dubhdaigh móra ag caint ar chultacha gorma na Spáinne a fhághail le fiche bliadhain" ar seisean.
"Gabhfaidh mé isteach 'un a tsiopa go bhfeicidh mé an dtig liom ceann a fhághail."
"Bhfuil airgead leat" adeir fear acu.
"Níl" adeir seisean.
"Beidh na cultacha sin an daor" ar siad-san.(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó Chearbhall
- Gender
- Male
- Address
- Letterbrone, Co. Sligo