School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go dtógfadh sé gach aon nídh roimis agus ná tógfadh sé aon nídh ‘na dhiaidh. Ní raghaidís i dtig i rith an Carghaois. Dá bpósáidís oidhche Inide (leath-lae) agus dá mbeadh an pósadh i dtig an chailín óig ní raghadh sí go dtí tig an bhuachalla óig go dtí go mbeadh na seacht seachtmhaine de’n carghaois imthighthe ach tá cuid acu agus mara mbeadh siad ró-fhada ó’n dtig do raghaidís go dtí tig an bhuachalla óig agus chaithidís cúpla uair a chluig am agus bheadh an seilbh tógtha annsan acu agus d’fheadaidís teacht aon am ba mhaith leó.Deirtear go mbíonn sí ana sheansamhail do’n gcorp lá báistighe a bheith ann lá na sochraideBíonn sé ana sheansamhail do lánamha-pósta lá a bheith breágh ag tosnú an t-saoghail dóibhAon duine a cailltear dhá lá déig na Nodlag deirtear go mbíonn geataí na bhFlaiatheas oscailte dóibh; Ní bhíonn aon moilliú air dul isteach i bhFlaitheas Dé
Deirtear nách sheansamhail an rud teacht ar an saoghal Oidhche Nodlag ach go mbíonn sí ana seansamhail teacht ar an saoghal lá Nodlag(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Killarney, Co. Kerry