Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtógfadh sé gach aon nídh roimis agus ná tógfadh sé aon nídh ‘na dhiaidh. Ní raghaidís i dtig i rith an Carghaois. Dá bpósáidís oidhche Inide (leath-lae) agus dá mbeadh an pósadh i dtig an chailín óig ní raghadh sí go dtí tig an bhuachalla óig go dtí go mbeadh na seacht seachtmhaine de’n carghaois imthighthe ach tá cuid acu agus mara mbeadh siad ró-fhada ó’n dtig do raghaidís go dtí tig an bhuachalla óig agus chaithidís cúpla uair a chluig am agus bheadh an seilbh tógtha annsan acu agus d’fheadaidís teacht aon am ba mhaith leó.Deirtear go mbíonn sí ana sheansamhail do’n gcorp lá báistighe a bheith ann lá na sochraideBíonn sé ana sheansamhail do lánamha-pósta lá a bheith breágh ag tosnú an t-saoghail dóibhAon duine a cailltear dhá lá déig na Nodlag deirtear go mbíonn geataí na bhFlaiatheas oscailte dóibh; Ní bhíonn aon moilliú air dul isteach i bhFlaitheas Dé
Deirtear nách sheansamhail an rud teacht ar an saoghal Oidhche Nodlag ach go mbíonn sí ana seansamhail teacht ar an saoghal lá Nodlag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí