School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéul an Gaduidhe Bhí beitheamhnach fad ó shoin ann agus bhí buachaill aige. Bhí sé dhá bhlíain déag ‘na sheirbhís agus taréis a dhá bhlíain déag bhíodar suas agus ghaibh buachaill eile isteach an doras féachaint an dtógfadh sé é, mar ba mhaith leis dul leis an gcéird céadhna. Dubhairt sé ná tógfadh, go raibh an buachaill a bhí aige ag déanumh a gnó alright. “Dheire ná bac san, b’fhéidir go ndéanfainn cómh maith leis é” ars’an bhuachaill nuadh. “Bheul chuirfidh mé tástáil beag anocht ort. Beidh an buachaill ag teacht ‘na leidthéid seo de bhóthar agus má goideann tú an chaoire uaidh anocht agus gan fhios dó, déarfaidh mé ná beidh tú go h-olc ag tosnúghadh. Bheul imthig anois.”
Chuimhnig an bhuachaill nuadh ar phlean agus nuair a tháinig an sean-bhuachaill an t-slí agus an chaoire aige, bhuail bróg leis ar an mbóthair. D’fhéach sé ar an mbróig agus dubhairt sé dá mbeadh an bróg sin ghlan aige go maith a n-oireamhnochadh dó. Dubhairt sé nárbh aon mhaith dhó é nuair ná raibh an bhróg eile aige, an comráide. Churi sé dhó é paiste de’n mbóthar agus bhuail an bhróg eile leis taobh amuigh de pháirc bhreagh coirce. “A Día” ar seisean “dá mbeadh an bhróg eile agam anois go maith go n-oireamhnóchaidís araon mé."(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ua Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Killarney, Co. Kerry