Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéul an Gaduidhe Bhí beitheamhnach fad ó shoin ann agus bhí buachaill aige. Bhí sé dhá bhlíain déag ‘na sheirbhís agus taréis a dhá bhlíain déag bhíodar suas agus ghaibh buachaill eile isteach an doras féachaint an dtógfadh sé é, mar ba mhaith leis dul leis an gcéird céadhna. Dubhairt sé ná tógfadh, go raibh an buachaill a bhí aige ag déanumh a gnó alright. “Dheire ná bac san, b’fhéidir go ndéanfainn cómh maith leis é” ars’an bhuachaill nuadh. “Bheul chuirfidh mé tástáil beag anocht ort. Beidh an buachaill ag teacht ‘na leidthéid seo de bhóthar agus má goideann tú an chaoire uaidh anocht agus gan fhios dó, déarfaidh mé ná beidh tú go h-olc ag tosnúghadh. Bheul imthig anois.”
Chuimhnig an bhuachaill nuadh ar phlean agus nuair a tháinig an sean-bhuachaill an t-slí agus an chaoire aige, bhuail bróg leis ar an mbóthair. D’fhéach sé ar an mbróig agus dubhairt sé dá mbeadh an bróg sin ghlan aige go maith a n-oireamhnochadh dó. Dubhairt sé nárbh aon mhaith dhó é nuair ná raibh an bhróg eile aige, an comráide. Churi sé dhó é paiste de’n mbóthar agus bhuail an bhróg eile leis taobh amuigh de pháirc bhreagh coirce. “A Día” ar seisean “dá mbeadh an bhróg eile agam anois go maith go n-oireamhnóchaidís araon mé."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí