Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Stampaí. Gheibhidís prataí go bréagh glacta agus phiocaidís amach ar eagla go bhfanfadh aon brúscar ins na prataí. Thagaidís annsan le blúire stáin (boscaí). Chuiridís row de puill le tairgne. Sgríobaidís na prataí ar an dtaobh garbh de’n stán. D’fhágaidís istig in éadach bréagh glan iad; buailidís ar an mbórd é. Cuiridís gráinne beag plúir tríd cun é do coiméad le céile agus chuiridís annsan ar an ngriodail é bhíodh sé ana throm agus sin é an ciall is mó gur éirigheadar as ar fad ar deire.
Miodhbhán. Phiocaidís é nuair a bhíodh an rabharta ann agus an ciúineas. Chuiridís á thriomú ar flagaí na trágha agus thabharfaidís abhaile leó é agus thabhairfaidís dos na leanbhaí é agus bhíodh sé ana fholláin. Dhíolfaidís an cuid éile dhi ar cúig sgilling an leath mhála.Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéal:-
Bean í Bhuirtínig
Tig na mBocht, Cill ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sí a h-óige:-
Na Ródaí
Cathair Saidhbhín- Faisnéiseoir
- Bean Uí Bhuirtinig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí