School: Gort Buidhe (roll number 14509)

Location:
Gortboy, Co. Kerry
Teacher:
Gilbert Mac Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 015

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 015

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Buidhe
  2. XML Page 015
  3. XML “Cnoc na bhFraochán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a bhí na Lochlannaig in Éirinn do dheinidís beóir de'n bhfraochán a bhí ag fás go flúirseach ar chnocaibh agus sléibhtibh na tíre seo. Beóir Lochlannach tugtaoi ar an deoch san. Do roinn na Lochlannaig fraoch na h-Éireann eatortha féinig agus níor fhágadar smuit den bhfraochán do's na h-Éireannaig. Bhí muinntir na h-Éireann ar buile leo agus do dheineadar a ndícheall cun rúin na beóireach d'fhághail amach acht do chomeád na Lochlannaig an rún dóibh féin agus ní raibh muinntear na h-Éireann ríamh ábalta an rún san d'fhághail amach.
    Do dhein Brían Bórú a dhícheall cun an rúin d'fhághail amach acht do theip air, agus da dheascaibh sin thosnuig sé ag troid leis na Lochlannaig agus do chuir Cath Cluain Tairbh deire leis an mbeóir Lochlannach.
    Deirtear go raibh cáil mhór ar an áit seo mar geall ar an sórt beóireach a ndéantaoí ann, sa t-sean aimsear.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2412E: (Danish Heather Beer.)
    Language
    Irish
    Informant
    Dómhnall Thaidhg Uí Sheaghdha
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Beaufort, Co. Kerry