School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 015
- XML “Cnoc na bhFraochán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhí na Lochlannaig in Éirinn do dheinidís beóir de'n bhfraochán a bhí ag fás go flúirseach ar chnocaibh agus sléibhtibh na tíre seo. Beóir Lochlannach tugtaoi ar an deoch san. Do roinn na Lochlannaig fraoch na h-Éireann eatortha féinig agus níor fhágadar smuit den bhfraochán do's na h-Éireannaig. Bhí muinntir na h-Éireann ar buile leo agus do dheineadar a ndícheall cun rúin na beóireach d'fhághail amach acht do chomeád na Lochlannaig an rún dóibh féin agus ní raibh muinntear na h-Éireann ríamh ábalta an rún san d'fhághail amach.Do dhein Brían Bórú a dhícheall cun an rúin d'fhághail amach acht do theip air, agus da dheascaibh sin thosnuig sé ag troid leis na Lochlannaig agus do chuir Cath Cluain Tairbh deire leis an mbeóir Lochlannach.Deirtear go raibh cáil mhór ar an áit seo mar geall ar an sórt beóireach a ndéantaoí ann, sa t-sean aimsear.
- Informant
- Dómhnall Thaidhg Uí Sheaghdha
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Beaufort, Co. Kerry