School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Cailleach Mhór Ghrandha na comhnaidhe in áit éigin i gCiarraidhe fad ó, fad ó, sa t-sean aimsear. Aon lá amhain chuaidh sí as a meabhair agus thosnuigh sí ag léim as a bolg ó chnoc go cnoc. Léim sí ó Mhangartan go Cnoc Tuirc, agus ó Thorc go dtí Nead an Fhiolair agus ó Nead an Fhiolair go Cnoc Sliogach, agus ó an áit sin go dtí Cnoc na dTarbh agus ó an áit sin go Cnoc Breac. Um an dtaca san bhí tuirse ag teacht uirthi agus nuair do léim sé ó Chnoc Breac go Carrán Tuathaill thuit sí ar an carraig agus ó an lá san go dtí an lá indiu tá ríán a glúna agus a lamha le feicsint ar an gcarraig seo. D'fhan an chailleach i gCúm Caillighe annsan, agus anois nuair a bhíonn stoirm, agus báisteach agus gaoth mhór ins an áit seo deireann na doaine go bfuil an Chailleach sa bhiale arís.Clocha móra is eadh FÍACALA na CAILIGHE agus nuair a bhéádh duine in a sheasamh ós a gcomhair amach cheapfadh sé gur fíacala duine iad. Casán garbh ag dul suas ó Chúm Caillighe go Carrán tuathail is eadh DRÉIMRE an DIABHAIL D. Ó Donachadha - Lios-a-Phúca
- Informant
- Diarmaid Ó Donachadha
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Beaufort, Co. Kerry