School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 049
- XML “Ór i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do dhein duine dos na MacGiollacuda Cáisleán in san seachtmhadh aois déag, agus do chomhnuigh sé féin agus a chlann ins an gcaisleán ar fheadh tamaill mhaith.
Bhí an caisleán suidhte in áit garbh, nó corach agus glaodhtaoí Caisleán an Choraig air. Níor thaithn an caisleán nó an ainm a bhí air, le ceann dos na Macgiollacuda agus d'fág sé an áit. Seana Fhothrach is eadh é anois. Níl acht Falla de, na sheasamh, agus tá sgéal ag na daoiníbh mar geall ar an gcaisleán so. Deirtear go bhfuil corcán mór óir i bhfolach fé. Cuaidh duine éigin dá réabadh aon oidhche amháin cun an chorcáin d'fhághail. Tháinig tarbh mór cuige agus chuir sé scannradh ar an bhfear agus rith sé abhaile. Chuaidh an fear céadna ag rútáil ag lorg an óir oidhche eile. Bhí a cheann fé, agus e ag obair ar stealladh nuair do thuit púróg cloiche annuas ar a cheann. Do stad sé agus d'fheúch se aa thimcheall agus cad a chonnaic sé acht girr-fhiadh agus é ag crothadh a chluasa air. Do dhein an fear fobha fé an girr-fhiadh leis an piocóid agus lean sé len obair. Thuit cloch eile(continues on next page)- Collector
- Domhnall Ó Cróinín
- Gender
- Male
- Address
- Gortboy, Co. Kerry
- Informant
- Diarmaid Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Address
- Coolroe, Co. Kerry