School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 069
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl fear eile i bparóiste na Tuatha cosamhail le Tadhg Bheait Uí Chonchubhair. Tá sé beagnach ceithre fichid bliadhan daois anois agus siubhlann sé suas an séipéal gach Domhnach comh - coséadtrom agus comh - díreach is bhéadh sé acht fiche bliadhan. Tá sé níos mó ná sé troighthe ar aoirde agus tá a ghuailne comh leathan agus cómh-láidir le piolóir geata. Ní bhíonn líne ar a aghaidh. Bíonn sé cómh ghlan agus cómh bearrtha gach Domhnach agus dá mbéadh sé ag dul a phósadh. Níor dhein Tadhg aon ghaisce ríamh acht deirtear gur dhein a úncail ana-sgrios fad ó ar aonach an phatrúin i gCillgobanatan.Baile beag briste is ead Cillgobantan. Bhíodh aonach mór ann sa t-sean aimsear agus bhíodh a lán daoine ann ag díol agus ag ceannach. Bhíodh capaill, ba, caoirigh is muca ann. Bhíodh poitín agus drúichtín sléibhe go flúirseach ann. Bhíodh árd-spórt ann, daoine ag rinnce is ag amhráin, daoine ag ól agus ag imirt cártaí, Bhídís ag imirt baitín buidhe ann leis. Ins an trathnóna nuair a bhíodh obair an lae déanta aca agus a ndóthain ólta, bhídís ag troid le na céile, agus ba mhinic a bhíodh cinn briste aca ag dul abhaile tar éis an lae.(continues on next page)
- Informant
- Diarmaid Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Beaufort, Co. Kerry