School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 087
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(Fuighleach Firréíde) tabhair é sin do leanbh tinn.
B) Leanbh do chuir fé bholg asail. Bíónn an t-asal istig sa chistin agus chuireann an mháthair an leanbh treasna fé bholg an asail go duine éígin eile.
C) Gob an ganndail bháin do chuir isteach imbéal na leinbhe agus trí sgreadaig do bhainnt as an ganndail nuair a bhéadh a cheann istig imbéal na leinbhe.
4) BRUITÍNEACHBainne caoireach agus im úr agus gas seamróíge do bheiriughadh le céile leath-uair an chluig agus iad a sgagadh tré phíósa lín-éádaig.
5) DATHACHACimil blonaig gé dos na géaga atá tinn.
6) BONN LOCHCupóga do chur timcheall na h-áite atá tinn.
7) MÉÁR GEARRTHACur connlach ar an áit cun na fola do stopadh
8) DEALG DO THARRACH AS DO CHOISTeanga an mhada ruaidh do chur leis
9) TINNEAS FIACAILA) Súgh do chur ar an bfiacailB) Cuir cos an fhroig isteach id bhéal agus greím do bhainnt as.
10) SÚL DHUBHCuir pinginn nó píosa slinne leis an áit.
11) SÚILE TINNCimil tae fuar dubh doibh naoi maidne ar chéalócan.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Gortboy, Co. Kerry