School: Gort Buidhe (roll number 14509)

Location:
Gortboy, Co. Kerry
Teacher:
Gilbert Mac Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 107

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 107

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Buidhe
  2. XML Page 107
  3. XML “Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    na cailíní ag dul go dtí an Aifreann fós ag rith ar dhá roth. Ag an am san ní raibh acht dhá droichid ar an Giodaig agus dubhaiart sé go mbéadh ceithre droichid ag dul thairste. (Cúpla bliadhain ó shoin a deineadh ceann aca). Dúbhairt sé go leagfaidhe droichead uachtarach na Giodaighe dhá uair agus ná béadh sé suas an chéad uair nuair a bhéadh sé leagtha airís. (Do leag an tuille é ins an mbliadhain 1918 deineadh suas é agus annsan leagadh airís é ins an mbliadhain 1920)
    Dubhairt sé go mbéadh cogadh san aer agus agus dubhairt sé go mbéadh drithár ag troid igcoinnibh dritháir. Dubhairt sé leis na feirmeóiríbh go dtiocfadh an lá nuair a bhéadh na cáin níos mó ná a gcíos, agus dubhairt sé go dtiocfadh an lá nuair ná béadh ag Sasanna acht aon long-chogaidh amháin.
    Dubhairt sé go raibh pota óir i bhfolach ar bhruach na Giodaighe inaice le Poll-na-Féithe ar an taobh thíar de'n droichead uachtar. Cúpla bliadhan ó shoin do réab an tuille cuid de'n port agus nuair abhí na fir-oibire ag deisiú na háite, fuaradar píosa breágh admaid i bpoll sa phort
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmad Ó Donnchadha
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Carhoonahone, Co. Kerry