School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 136
- XML “Éadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leigfeadh a bháíní braon baistighe tríd.Cniotáltar stocaí san áit seo. Faghtar an snáth ó olann a gcaoraig féín. Sníomhtar an olann i dtúirni sa bhaile agus deintear snáth de. Deintear na stocaí den snáth san. Díoltar na stocaí i gCillorglain. Bíonn na stocaí bána ana mhaith cun caitheamh ins an samhradh. Nuair a bhíonn fear ag obair lá breáh Samraidh agus bróa troma air bíonn a chosa ag cur alluis agus bíonn na stocaí bána ana chompórdach ar na cosaibh bochta. Bíonn leigheas speisíálta ins na stocaíbh dathaighthe le lus-na-gcloch.Ní deintear léinteacha de lín éádaig annso anois acht fad ó do dheinidí léinteacha in gach tig feirmeóra. Caitheann na feirmeóirí saidhbhre cótaí-móra bréide, nó cótaí móra de (blue pilot) nuair a siubhlann síád go dtí an baile mór lá aonaig. Is annamh a chithear feirmeór agus bóna air ar nós fear ins an mbaile mór. Nuair a gheibheann sean duine bás caitheann cara dhó a chultacha a bhróga, a hata agus (?) ag dul ar aifreann trí Domhnaig in a dhiaidh(continues on next page)
- Collector
- Dáthí Ó Leain
- Gender
- Male
- Address
- Lisleibane, Co. Kerry
- Informant
- Diarmaid Ó Leain
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Lisleibane, Co. Kerry