School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 139
- XML “Laethanta Áirithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ins an tuaith ní thiocfadh scolaíre nuadh ar scoil an chéad uair ar an Luan.Ní phósfaidhe duine i mí bealtaine.
****************************************************
Seana- Mhárta agus laetheannta na bó riabhaiche, is mar a ceíle an dá ainm agus is é an brígh atá insna nainmneacha ná ó Mhárta 20adh go 11adh de h-Abrán. Bíonn an aimsear go holc irith an ama so de gnáth agus bíonn an féar gann ag na feirmeóiríbh.Bhí na ba isthig igcró nó mbó lá in deireadh Mí Márta fad ó. Ní raibh an lá go holc agus bhíodar ag cainnt le céíle, dubhairt bó óg riabhach go mbfearra leí bheith amuigh sa phaírc an lá breágh san, gan bheith na seasamh istig i gcró salach ag ithe féir tirim.
“Buidheachas mór le Dia”, a dubhairt sí, “Ta an geimhreadh caithte agus an Samhradh cughainn”. Bhí sean-bhó mhaol ag éisteacht leis an gcainnt agus tar eis tamaill do chroth sí a ceann agus dubhairt sí go brónach, “Ná labhair comh láidir san a bhó riabhach”, níl an geimhreadh caithte fos”, fan go deireadh an Seana Mhárta(continues on next page)- Informant
- Diarmaid Ó dONNCHADHA
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- Carhoonahone, Co. Kerry