School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 146
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cúig ba sa bhaile ag m'athair. Purty, Black, Madam, Kerry and Daisy a tugaimí ortha. Habha, Habha, hí bó, bó a deireann m'athair nuair a bhíonn na ba á tiomáínt abhaile aige. Tá gamhna againn leis acht ní ghlaodhaimíd ortha acht sucí sucí, dearg agus sucí dubh. Cró na mbó a tugaimíd ar an tig in a mbíonn na ba irith an geimhridh. Aiteann clúduighthe le tuighe a cuirimíd mar leabaidh fés na buaibh san geimhreadh. Caitheann mo athair mórán ama san geimhreadh ag bainnt an aitinn le grafán.
obair cruaidh is eadh a bheith ag bainnt aitinn le grafán agus ní bhíónn aon fuacht ar an duine a bhíónn á bhainnt an lá is fuaire san geimhreadh.Ceangluighthear ar gcuid mbó le téad láidir ceangailte timcheall ar a muineáil. Ní bhíónn na gamhna istig ins an gcró céadhna leis na buaibh; bíonn cróítín fé leith cun na gamhna
Tá áit i bparóísta na Tuatha agus leabadh na bó a tugtar uirthe. Cros-bhóthar is eadh í agus tá plás glas í lár na croise, agus tugtar leabadh(continues on next page)- Informant
- Diarmaid Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Carhoonahone, Co. Kerry