School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 149
- XML “Capall”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ba cheart tig compórdach a bheith mar stábla ag an gcapall. Teastuigheann aer agus solas ó an gcapall. Dá mbéadh capall i stábla dorcha gan a dhóthain aeir i rith an geimhridh, thosnóchadh sé ag casachtaig mar he would be broken winded agus annsan ní bhéadh aon mhaitheas air. Níl aon leigheas ag an bhfeirmeóír ar an galar so acht an capall do leigint amach ins na páirceannaibh agus gan aon coirce nó feár tirim do thabhairt dó. Tugtar prátaí abh, maingeilí agus aiteann glas dos na capallaibh. Bíonn cionn mór ag muinntear na tuatha ar a gcapallaibh i gcomhnuidhe agus measann gach duine aca gur aige féin a bhíonn an capall is fearr sa pharóíste. Bíonn capaill mhaithe ins an bparóíste anois agus arí acht aon uair amháín bhí capall mór dubh ag Patsy Breac i Lios-a-Phúca agus deireann na sean daoine gur an - chapall a bhí ann. Bhí tig tabhairne ag Patsy agus bhí Cill Áirne sé míle ó Lios-a-Púca. Shuidheadh Patsy anáirde ar a charr-chlíatháin ag a dhoras feín agus i gcionn ceathramhadh uaire den clog bhíodh s é ins an Sráid-Nuadh i gCillÁirne.(continues on next page)
- Informant
- Diarmaid Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Carhoonahone, Co. Kerry