School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 016
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a ghábhail le lucht déanta na mbróg pé’r b’íad féin. Lasadar solus is d’fhanadar ‘na shuidhe an oidhche sin. Nuair a bhuail sé a dó dhéuag a chlog tháinig beirt sídheog isteach, léimeadar anáirde ar an mbórd, is chromadar ag obair. Nuair a bhí an leathar ídighthe, agus na bróga déanta achu, d’imthígheadar is ní raibh uain ag an ngréasaidhe a bhuidheachas a ghábhail leo.
Annsan shocruigh an ghréasaidhe, agus a bhean gur cheart dóibh chulaith éadaig a dhéanamh do gach sídheog mar chómahrtha buidheachais. Dhein an bhean stocaí as an olan a b’feárr a fhéadfadh sí a fhághailt. Dhein an gréasaidhe brístí, casóigíní, agus caipíní as leathar bog. Nuair a tháinig na sídheóga an céad uair eile, fuaradar na culthacha, na léinteacha, na stocaí agus na caipíní ar an mbórd rómpa, agus ní miste a rádh go raibh áthas ortha. Dubharadar amhrán molta agus buidheachas do’n n-gréasaidhe agus dhá mhnaoí, rinncheadar ríl port, agus cornphíopa ar an mbórd, dheineadar gáire suilt agus áthais, agus annsan d’imthigheadar leó. Ní fheaca an gréasaidhe ná a bhean as san amach íad, agus ní raibh aon ghnó díobh, mar d’eirig an saoghal go maith leó.Siobhán Ní Churnáin do sgríobh
Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris.
Caoldubh Uachtarach,
Gleannbeithe,
Co. Ciarraidhe.- Collector
- Siobhán Ní Curnáin
- Gender
- Female
- Informant
- Siobhán Bean Uí Curnáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kealduff Upper, Co. Kerry