School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
![The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 058](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0473%2FCBES_0473_058.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 058
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 058
- XML “Dinnseanchas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)slíghe mar bhí an oidhche dorcha, agus nuair a tháing sé cómh fada le bárr Cúm-na-Caillíghe, do thuit a chodhladh air agus do fuair sé bás ann, agus ar maidin lá ar na bhárach, do fuair na daoine é, agus é marbh agus do chuireadar san áit sin é. Sin é an t-slíghe go bhfuair an áit a ainm.
NA SPÉACLAÍ: Tá fuirm spéaclaí ar an gcnoc san, agus is dócha gur é sin an fáth go glaodhtar an t-ainm sin air.
BÓTHAR: Tá bóthar ag dul tríd an gcnoc, agus sin é an t-slíghe go bhfuair sé a ainm.
Baile na Coille: Is dócha gur naomh éigin a chuir mainistir nó clochar ar bun san áit, sin toisg na t-ainm sin a bheith air - Baile-na-Cille.
Caol-dubh: Deir cuid de’s na sean-daoine go bhfuair an áit sin a ainm ó choill mór a bhí ag fás ann fadó, ach níl tásg ná tuairisc ar an gcoill sin indhiu. Deir cuid eile díobh go bhfuair sé a ainm ó’n abha atá ag scéid tríd.Siobhán Ní Curnáin do sgríobh.
Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris..
Caoldubh Uachtarach,
Gleannbeithe,
Co. Ciarraidhe.- Collector
- Siobhán Ní Cúrnáin
- Gender
- Female
- Informant
- Siobhán Bean Uí Cúrnáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kealduff Upper, Co. Kerry