School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 063
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seana-SgéulBhí Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin ag siúbhal roimis, agus dúbhairt sé nuair a geóbhadh sé go dtí a leithéid sin d’áit, gur ceart mac dó a bheith ann. Bhí garsún ag baint prátaí i dtaobh istig de chlaidhe.
Do labhair Eoghan leis, agus d’iarraidh sé do cérbh é a mhac é. “Deir mo mháthair,” arsan buachaill “gur mhac do Eoghan Ruadh mé.” Do chuir Eoghan a lámh ‘na phóca agus thug sé síntús airgid dó, agus dúbhairt sé, an céad áit eile ‘na bhfeachadh sé é
go dtabharfadh sé a thuille airgid dó. D’imthigh Eoghan Ruadh leis féin. Gaibh an garsún cóngar, agus bhí sé roimh Eoghan, agus d’iarraidh Eoghan dó cad a bhí air. Dúbhairt an buachaill go ndúbhairt sé leis, an céud áit eile ‘na mbuaileadh sé leis go dtabharfadh sé a thuille airghid dó. “Ó” arsa Eoghan "deanfhair-se an puinte."
Caitlín Ní Coisdealbha, do scríobh
Caitlín Bean Uí Choisdealbha (50) d’aithris
Choill-Choidhtheach,
Gleannbeithe,
Co. Ciarraidhe.- Collector
- Caithlín Ní Choisdealbha
- Gender
- Female
- Informant
- Caitlín Bean Uí Choisdealbha
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kilkeehagh, Co. Kerry