School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 068

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 068

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 068
  3. XML “Fir Léime”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Charthaigh. Tá an tigh osda ceadhna tamall síos ó’n mbóthar publídhe. Tá geata eatorra ar a dtugtar an Geata Bán. Ag déanamh ar an nGeata dhóibh, bhí sé dúnta is dúbhairt duine éigint aca (ag séideadh fé Sheán a bhí sé) gur maith an fear a léimfeadh é sin. Bhí Seán san am céadhna ag líonadh a phípe. Bhí an phíop, an tobac géarrtha, agus an sgian osgailte ina láimh aige. Níor dhein sé ach seasamh siar beagáinín uaidh, eiríghe san aer ag an geata a ghlanaidh glan, píop tobac is an sgian ina láimh mar bhí aige – agus a chulaith Domhnaigh air, agus bróga troma; ní raibh aon bhróga éadroma ag imtheacht an uair sin. Deireadh na sean-daoine go raibh sgiathán le croídhe Sheáin.
    Lá eile bhí Seán i gCillorglan. Lá margaidh b’eadh é. Ar an Dardaoin bháodh an margadh i gCíll-orglan an uair sin. Bheil, amach san tráthnóna casadh Seán agus “An Champion” (J.P. Ó Súilleabháin) ar a céile. Bé an “Champion” an Captan bhí ar na Laune Rangers an tráth úd, agus an fhear léimt a bfeárr a bhí i gCiarraighe nó b’fhéidir in Éirinn le na línn. Chualadh sé trácht ar Sheán, agus bh’ios aige cáil Sheáin i dtaobh léimt. I sráid Laingford bhíodar ag cainnt. Bhí an dochtúir Spotiswood ina chómhnuidhe i dtig sa sráid sin agus bhí falla bán (cloiche) idir a thig is an t-sráid, tímcheall cúig troighthe ar aoirde. Cuir an “Champion” geall le Seán ná léimfeadh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás ac Eoin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Partalón Ó Duchartaig
    Gender
    Male
    Age
    75