School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 080

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 080

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 080
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seana-Sgéul
    Chuaidh taoiseach ag fíadhach lá. Bhí a chuid gadhar le an chois, acht aon chú amháin nár fhreagair dá ghlaodh. Ar bhfilleadh abhaile dó is amhlaidh a bhí an chú chéadna san ag an ngeata roimhe agus rian na fola uirthi. Do bhuail scannradh an taoiseach, mar d’fág sé leanbh sa bhaile ‘na dhiaidh, agus ní raibh an leanbh san le feiscint i n-aon bhall.
    Do ghlaoidh sé acht níor fhreagair an leanbh, ná níor airig an taoiseach a ghuth ná a gháire. Bhí an t-úrlár lán d’fhuil, agus rian na fola i ngach aon bhall. Shíl sé, nídh nár b’ionghadh, gurbh amhlaidh a mhairbh an chú a pháiste air, agus cé go raibh móir-cion aige ar an gcoin, do sháthaidh sé a chlaidheamh 'na corp, do chuir an chú bhocht glam an bháis aisti, agus do dhúisigh an ghlam san an leanbh do bhí ina shámh-chodhladh agus éadaighe is troscáin dá cheilt.
    In aice an leinbh bhí mactíre mór is é marbh is rian na fola air. D’aithin an taoiseach annsan gurbh amhlaidh d’fhan an chú sa bhaile an lá san cun an páiste do chosaint ar an mactíre. Fuain an chú an lá céadna, agus is uaigneach a bhí an taoiseach in dhiaidh na con a taisbeáin a dílseacht chómh maith sin.
    Siobhán Ní Curnáin do sgríobh.
    Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris..
    Caoldubh Uachtarach,
    Gleannbeithe,
    Co. Ciarraidhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Cúrnáin
    Gender
    Female
    Informant
    Siobhán Bean Uí Cúrnáin
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Kealduff Upper, Co. Kerry