School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
![The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 090](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0473%2FCBES_0473_090.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 090
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 090
- XML “Fir Láidre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí ar a chine – d’árduigh sé sin é beagáinín slíghe ós cionn talmhan ach ní mórán é. Thriail duine eile is duine eile é, ach feac ná corruíghe ní fhéadfadaís a bhaint as.
Bhí an suae ag Seamus Mór Ó Mongáin agus íad ag scaipeadh ó’n a chéile nuair a labhair duine de’s na “Spailpíní” le Pats.
Fear teann téagartha ina dhailc maith beadh Pats gan é bheith ró-árd – bhí sé cómh leathain is bhí sé árd beagnach – agus bhí fhios ag an cómharsa cad é an neart a bhí ann. Labhair sé le Peats. “Bain thriail as san,” ar seisean, “A Pheats.” D’fheuch muinntir Cíllorglan tímcheall ortha. Chonnacadar Peats ina sheasamh, a ramhan ar a ghualainn aige agus a bheirtín ceangailte uirthi, agus nuair a chonnacadar é sé rud a dheineadar ná cromadh ar gháiridhe. Níor chuir Peats aon t-suim ionnta. “Díchéille duit féin,” ar seisean leis an fear a labhair. “A dhein, a Peats,” arsa duine eile, agus duine eile, agus duine eile, agus de bhárr an tathaint ar faid sa deireadh ghéill sé. Chaith sé a ramhan ar an dtalamh, bhain sé dhe a chóta agus chaith ar an dtalamh. Rug sé greim ar an mbloc iarainn – greim docht daingeann agus d’árduigh sé go maith do thalamh é gan puínn duaidh ba dóigh leat d’osgail a suile ar an méid a bhí láithreach le h-ionghnadh. Geallaim-se dhuit ná raibh aon fhonn magaidh ortha anios.
Tháing ionghna níos mó ar Séamus Mór ná ar aoinne acha. Chaith sé dhe a chóta, beir greim ar an mbloc, d’árduigh sé beagáinín níos aoirde de’n talamh é ná dhein sé an céad(continues on next page)- Collector
- Tomás ac Eoin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mícheál Ó Foghludha
- Gender
- Male