School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 097

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 097

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 097
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéul
    Bhí fear ann fadó darab ainm dó Dómhnaill Sealgaire. B’é a ghnó ó mhaidin go h-oidhche bheith ag tóruidheacht ar girrfhidhthe, agus ar coiníní, agus ag rith ar éanluithe. Bhí an córacha go léir aige a oirfheadh d’fhiagaidhe nó do sealgaire. Bhí gunna, agus chú, agus firéad aige, agus ní raibh aon gann achar inneall súil-ribe air, i gcás gur dheacair do ghirrfhiadh ná do choinín na do chirc fhraoigh dul uaidh.
    Théigheadh sé go dtí an baile mór cúpla uair sa t-seachtmhain chun a mbíodh aige do dhíol, agus dar ndóigh, do bhíodh lán a phócaí d’airgead aige ag teacht abhaile dhó, mar i dteannta é bheith glic gunta chun teacht suas leis an seilg, do bhí sé cruinn ar an ngunna, agus seansamhail ádhmharach san gcuardach.
    Do chuaidh an cluiche i na choinne i gceart ar feadh tamaill i dtreó go raibh sé ar feadh i bhfad nar fhéad sé teacht suas le h-aon nídh. Fé dheireadh do mhairbh sé coinín agus sin ar mhairbh.
    Do chuir sé an coinín isteach i mála cuige féin maidin áirithe, agus do bhuail sé ar a dhrom é, agus do ghluais sé air fé dhéin an bhaile mhóir cun an coinín do dhíol.
    Do thárla tig tábhairne ar an mbóthair roimis, agus do ghlaoidh sé isteach ann. An fhaid do bhí sé istig do bhí sé féin agus fear an tábhairne ag cainnt. Do bhí sean-aithne achu ar a chéile. Do bhí Domhnaill ‘gá innsint do’n b’fear eile conus mar a bhí an saoghal ag gábhail in a choinne le déanaighe, agus d’innis sé dhó mar gheall ar an gcoinín i dteannta na coda eile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Cúrnáin
    Gender
    Female
    Informant
    Siobhán Bean Uí Cúrnáin
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Kealduff Upper, Co. Kerry