School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 115
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí buachaill ó dheas san nGleann Mór as bhíodh sé ag tabhairt aire dos na buaibh...”
Bhí buachaill ó dheas san nGleann Mór a’s bhíodh sé ag tabhairt aire dos na buaibh agus séard an págh a bhíodh i n-áirithe dho ná lán a hata do phrátaibh ó gach aoinne ar an mbaile. Do chum sé bhéarsa agus adubhairt.Tá an hata so go h-athuirseach
Ag tnúth le teacht
An leabadh beag gan deargadh
A’s an chúil go lag
Níor bhfearra díbh fear Cairbre
na ndúthaig ‘ndeas
Deurfadh paidir le bhúr n-anam ná an té dúiseóchadh baBrighid Bean Uí Dálaigh, Cúmastabha, 84bl.- Informant
- Brighid Bean Uí Dhálaigh
- Gender
- Female
- Age
- 84
- Address
- Com Dhá Stogha, Co. Kerry
(no title)
“Leas máthair buachalla a bhí ann agus séard a deineadh sá ná licín slinne chur i lár an aráin don bhuachaill...”
Leas máthair buachalla a bhí ann agus séard a deineadh sé ná licín slinne chur i lár an aráin do buachaill ionnus go mbeadh crot ní bfearr ar adhbhar bídh an duine san. Níor dhein an t-athair aon amhras ar an obair go ndubhairt an buachaill oidhche.Bhfearra dhom go mbeadh mo licín ithte
Agus mo chosa nighthe
Agus go mbeinn sa tSúsa.(Amhail thuas)