School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 198
- XML “Cluichí - An Cruaichín Móna”
- XML “Cluichí - An Fear nó Bean mé?”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cluichí:-
a. An Cruaichín Móna
Bhíodh an luaith na chruaichín ar lic an teinteáin agus cipín ar lár. An tlúgh nó lúbán agat ag baint di annsan agus ag canadh leat amhail le (seo mo bhirín duit). Dá ndeinfá an cipín do leagadh bheadh ort dul ar lámhcan le súilibh dúnta agus chuirfí anuas ort gach a mbeadh sa tig go dtí go n’innseófa i gceart cad do bheadh ort.An t-Amhránín:-
Bainfheadh sa díot sa a chruaichín móna.
Laistiar síos do phlaice do thóna
Airgead scuit puirt is póca
Airgead mo bhó léithe chuireadh sa phóna
Agus fógraim suas mo chruaichín móna - An Fear nó bean mé.
Bheadh dream fear i n-aice na teineadh agus raghadh duine amach agus chuirfeadh na daoine istigh ainm éigin air. Annsan bheadh air nuair a thagadh sé isteach a dheunamh amach tré chros cheistiúchán géar cad é an ainm a chuireadh air, mar leanas:-
‘An fear nó bean m?’
‘An bhfuilim óg nó aosta?’
‘An bhfuil céard agam’
‘An pósta dom’ דrl