School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 197
- XML “Dalladh Púicín”
- XML “Ceithre Chúinní an Amadáin”
- XML “Seo Mo Bhirín Duit”
- XML “Picí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ainm ceart bíonn mar dhall. Leantar annsan leis arís.
- Cheithre Cuínní an Amadáin:-
Daoine ar chúinnibh an tseómra agus an t-amadán i lár baill. Iad súd ag malairt áite agus eisean ag iarraidh ionad d’aimsiú. Má aimsigheann bíonn an duine as ionad mar amadán. - Seo mo bhirín duit:-
Scata cois teineadh, bior dearg i láimh duine aca agus a deireann:
“Seo mo bhirín duit” Freagra: “Cad is birín duit”
‘Bírín bí birín beo
Má gheibheann mo bhirín bás
Idir do dhá láimh, Beidh an trom, trom ort.’Leantar leis ó dhuine go duine agus an duine go bhfaghann an birín bás bíonn air dul ar chosaibh agus glúinibh ar thalamh agus cuirtear air an ‘Trom, trom’ agus muna bhfreagruigheann sé i gceart do’n cheist ‘Trom, trom’ cad tá os do chionn coimeádtar ann é go mbíonn ualach air acht má freagruigheann deargtar arís an bior agus tosnuigheadar ath uair. - Picí:-
Seán Neamh Tomás
Caol Ifrionn Mór
Duine ag sáthadh cloiche roimis agus é ar chos a bocóid.