School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 190
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Leigheasanna1. Cheap na sean daoine go raibh leigheas don Ruadh i bhfuil Bhreathnaig is dá mbeadh an Ruadh ar aoinne theigheadh fear do mhuinntir Bhreathnaig naoi maidin in ndiaidh a chéile is bhainfeadh sé braon fola as a chuislinn is sgríobhfidh sé ainm an té bheadh breóidhte timcheall ar an gcread. Bhí leigheas leis i bhfuil Cait Dubh acht do bfearr fuil Bhreathnaig go mór.
2. Leigheas eile dho do beadh leamhnacht sé sin ainm a sgríobhadh timcheall ar an Ruadh le leamhnacht acht ná bheadh aon mhaith ann dá leigfí an t-árthas ar an dtalamh tar éis an baínne a chrúdh sar a sgríobfaí an t-ainm.
3. Leigheas na naoi n-iarnaí.
Giotaí d’fhághailt a bheadh deifreach mar smut do.
a. Chrúdh capaill
b. Chlúdach
c. Sluasad
d. Rámhainn
e. Grafán
f. Corrán
g. Crúdh bróige
h. Seastán
i. Bolta
Iad a chur sa teinidh agus annsan i thomadh i n-uisge nó bainne agus láithreach an mheirg do sgríobhadh dhíobh. An t-uisge nó leamhnacht do thabhairt le n-ól don ainmhidhe annsan nó ba shás maith don duine féin é dá mbeadh aon rud cearr leis.(continues on next page)