School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 247
- XML “Tithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tighthe
Murt Ua Muircheartaigh 12½ bl. Cill mac Ciarainn a athair 50 bl. Fadó annso:
Tigh beag ceann tuighe bhíodh ag na h-aon clann ar an mbaile. Ní bhíodh ceannach ar aon rud chuige aca. Fallaí cloch nó fallaí feidín leó. Na fallaí cloch cumtha le clochaibh agus cré buidhe a bheadh chómh maith san mar táthán na corróchadh cloch. Má ba féidín do bheadh ciumhais cloch ar fhaobhar na ndóirse agus na bhfuinneóig, cúinní an tighe agus na simnéithe. Is beag le fuinneógaibh bhíodh ionnta ceann suarach nó dhó. Simné béal oscailte a shúgfadh leis gach puth deataigh – níor chás dóibh anois. Mar úrlár – an cré ar a mbíodh gainnimh ón dtráigh. Cois teineadh bheadh leacan nó dhó. Sa choill bheadh tarraingt ar adhmad agus chuiridís suas an díon ach gan é ghearradh. Bheadh rian tuaighe go soiléir ann. Dulaí adhmaid ins na maidíbh snadhmta. Sa phortach ó smután gheibhidís na trasnáin. Bhí de nós aca bheith sa sliabh roimh eirghe gréine agus phollaidís sa stríoc ná beadh an drúcht. Sin mar gheibhidís an maide. Táid na puill sin na sliabh fós. Anuas ar na trasnáin sinidís scraithín righin trim sléibhe. Ar an scraith fraoch a stathaidís ar chnoc. Annsan an ceann tuighe, luachair nó tarrac nó biríneach. San a cheangal ann le sugánaibh trasna ó thaoibh taoibh. Sud deunta indeire Fóghmhair as an bhfionnán le corr shúgán. Duine ag scaoileadh is duine ag casadh. Scuilb agus trasnáin annsan i bhfearras agus bheadh réidh. Díon do chur anuas gach bliadhain i nDeire Foghmhair. Bhíodh na tighthe san cluthmhar go leór.(continues on next page)- Collector
- Murt Ua Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Informant
- Murt Ua Muircheartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry