School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 141
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí bean ar an mbaile seo go raibh gabha aici.”
Seán Ruadh Ua Súilliobháin ’84 bl. Dromaireach d’innisBhí bean ar an mbaile seo go raibh gabha aici. I gcionn scathimh aimsire chuaidh seisean síos amach agus phós an tarna bean. Do loirg a chéad bhean de shiubhal coise é go bhfuair a scéala. Chualaidh eisean go raibh an tóir chuige agus séard a dhein sé ná bás d’fhághailt mar dheadh. Tháinig sí on doras agus caoin go fuigheach é.Buan tú fád’ tharainn a thánga
Agus Nuair nár chualaidh fuaim id cheárdchain
Ag déanamh crúdh, cuir, glais ná rámhainne
Mo chúig céad deacair mar is marbh atá tú
A bhean úd shuas go bhfuil an síod ort
Do chosa ar do leath ghlúin is dearg do phíopa
Ná tacfá anuas agus tfear a chaoineadhTarna bean:
Fear a geóbhadh sa mar ní fuilim críonda
Agus dearbhráthair ní bhfuighir anois ná choidhche
Sagart:
Éist, éist a bhréabaire caile
1ad bean:
Éist se. Éist a bhréabaire Sagairt
Tuill do sgilling agus téighir abhaile
Agus leig domhsa do dearbhráthair a chaoineadh go maidin
Tá an fhuiseóg ag labhairt is an lá ag eascairt
Is is cóir dom féin bheith ag triall abhaile
Go n’innseóchadh dod’ mháithrín is dod’ athair
Go raibh gol mná aonair aréir ar a leanbh.D’éirg an sean leaid aniar is dubhairt “Fan go fóil a Cháit go mbead sa i n-éinfeacht leat agus do bhí.”- Informant
- Seán Ruadh Ua Súilliobháin
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- Drom Oireach, Co. Kerry