School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Samháin
- XML Page 388
- XML “Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn oidhche mór grinn ag na Gaedhil oidhche Shamhna. Bíonn suipéar mór ins gach tigh an oidhche sin. Deintear báirín breach i gcóir an t-suipéir agus cuirtear a lán rudaí isteach ann mar atá fáinne, lasán, méarachán, raol nó leath-raol. Bíonn gach aoinne ar chipíníb feachaint cadh a gheobhadh sé nó sí agus is mó fonn cúardach ná fonn ithte a bhíonn ortha go mór mór na daoíne óga.
A duine a gheibheann an fáinne, is é sin an duine is lúaithe a phósfar. An té a gheibheann an lasán is é sin is lúaithe a chaillfear. Má’s cailín a gheibheann an méaracán is táiliúir a phósfaidh sí. An duine a gheibheann an t-airgead, beidh sé nó sí saidhbhir go deó.
Taréis an tsuipéir cuirtear tubhán lán d’uisge i lár an úrláir sa chistin, agus cuirtear mórán ubhall isteach ann, agus bíonn gach aoinne ag íarraidh na h-ubhall a thógaint amach as an dtubán le na bhéal gan lámh do chuir ar an dtubán. Uaireanta eile cuirtear dhá phíosaí adhmaid i bhfuirm croise thar a chéile agus cuirtear ubhall agus coinneal ar lasadh ar gach píosa de’n crois, annsan cuirtear an cros ar crochadh ar chrúcha sa chistin agus deintear é casadh go mear agus bíonn a lán spórt ag na daoíne óga.
Le línn an spórt sin a bheith ar(continues on next page)- Collector
- Máirín Ní Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- Ochtaibh, Co. Kerry
- Informant
- Gobnait Uí Chonaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Ochtaibh, Co. Kerry