School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 178

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 178

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 178
  3. XML “An tAmadán Cliste”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Thug ministir, cuireadh do shagart roinnt bliadhanta ó shion. B'ait leis an sagart san, mar ní raibh aon mhuinnteardhas eatortha, agus chuimhnigh sé laithreach ná raibh an ministir gan cúis éigin le n-a leithéid a dhéanamh. Bhí driotháir, gurab ainm dó Muiris ag an sagart. Duine bog, símplí do b'eadh Muiris. Go deimhin, deirtí gur leath - amadáin é. Cúpla do b'eadh é féin agus an sagart, agus mar is gnáthach le cupláid bhí ana - dheabhramh acha le n-a cheile. Is ar a gcuid éadaig d'aithnighthí ó chéile iad.
    Do ránaigh do Mhuiris a bheit ar cuairt i dteannta an t-sagart núair a tháinig an chuireadh. "A Muiris", ars' an sagart leis, "táim i gcruadh-chás. Ní maith liom an ministir seo d'eiteach agus tá eagla orm gur droch-fhuadhar éigin atá fé. Ní fheadar cad ba ceart dom a dhéanamh". "A leithéid seo", arsa Muiris taréis beagáinín machnaimh, "leig damh-sa mé féin a ghléasadh id' chuid éadaigh-se, sgaoil go dtí an ministir mé, agus ní dóigh leis ná gur tusa a bheidh aige. Má imthigheann aon nídh bun os cionn orm-sa féin, nó má dheineann an bagún díom, ní mór an díoghbhail a bheidh déanta mar nách aon phúir mé seachas tusa". Bhí an sagart sásta.
    Tháinig lá an dinnéir. Gleas Muiris é féin i n-éadach an t-sagairt, agus thacharfadh aoinne an leabhar grubh' é an sagart féin a bhí ann. Seo leis fé dhéin tighe an mhinistir. Bhí mórán daoine uaisle annsan, agus íad díreach tar éis suidhe chun búird. Cuireadh fáilte roimh Mhuiris, agus d'iarradh air suidhe 'na measg. Pé locht eile a bhí ar an ministir bá léir ó'n mbórd a bhí ann már bh'aon bhochtán ná sprúinlóir é. Bhí "nuadh gacha bídh agus sean gacha dighe", siar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0922: The Shepherd Substituting for the Priest Answers the King's Questions
    Language
    Irish