School: Castleplunkett (roll number 15545)
- Location:
- Castleplunket, Co. Roscommon
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Castleplunkett
- XML Page 154
- XML “Pislín is Strúilín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar lorg a bhfortúin. Nuair a bhíodar ag imtheacht dubhairt Pislín le Strúilín an doras a tharraingt in a diaidh. Do bhain Strúilín an doras d'á bhacáinibh agus do lean sí Pislín agus agus í ag tarraingt an dorais in a diaidh. Nuair a bhíodar sgathamh ar an mbóthar do shuidheadar síos le na sgíth a leigint. Bhí carn cloch i naice leo agus do líon Pislín a chuid pócaí le clochaibh deasa, cruinne. Le tuitim na hoidhche tháinigeadar go dtí coill agus dubhhradar le na chéile go rachaidís suas ar chrann leis an oidhche a chur tharrtha. Thugadar an doras suas leo agus do chureadar caoi air 'sa gcrann agus do shuidheadar síos air. Nuair a bhí sé in a oidhche tháinig trúp (paca) gaduidhthe agus do shuidheadar síos fán gcrann. D'fhaduigheadar teine agus thoisigheadar ag roinnt mála óir eatorra. Do chaith Pislín cloch síos agus do bhuail sé gaduidhe aca ar bhárrr a chinn leis an gcloich. Do cheap an gaduidhe gurbh é an fear a bhí le n-a' ais a bhuail é agus do thug sé dornóg dhó thar an gcluais agus d'éirigh an troid eatorra. Do chaith Pislín cloch eile síos agus do bhuail sé gaduidhe(continues on next page)
- Collector
- S.S. Ó Dómhnaill
- Gender
- Male
- Informant
- Diarmuid Mac Luachra
- Gender
- Male
- Address
- Gortnasillagh, Co. Roscommon