Scoil: An Mhainistir, Móin Rátha (uimhir rolla 14243)
- Suíomh:
- Mountrath, Co. Laois
- Múinteoir: Br Columban Ó Cróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhainistir, Móin Rátha
- XML Leathanach 288
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- The copy on which this story was originally written was presented to the Folklore Institute since this was written: C.M.C. Sgéul:-Bhí fear ann uair amháin. Protastúnach ab'eadh é.
bhí duairisg macánta air agus do bhí achfuinn mór aige. Lá áirighthe tháinig breóiteacht air agus droch-bhreóiteacht do b'eadh í. Do cuireadh fios ar an Dochtúir dhó, agus nuair a tháinig an Dochtúir, dubhairt sé go raibh an fear i conntabhairt bháis. Dubhairt sé go raibh eagruadhas air agus gur mhaith an rud dhó údhacht a dhéanamh, agus gur ceart beanaltra a fhagháil dó agus gur mhaith an rud gan aoinne des na comhúrsain a leigeant i na-aice mar go raibh an breóiteacht tógálach agus rud eile dhé, gur cheart fios a chur ar an ministir dó chun a d'fhagháil ullamh chun bháis. Nuair a thug a mhinistir fé ndeara go raibh an fear breóite ag dul in olcas, chuireadar an buachaill aimsire ag iarraidh an mhinister. Nuair a chuaidh an buachaill aimsire go tig an mhinister, d'innis sé dhó go raibh a mháistir breóite agus gur chuir sé é fé na dhéin. D'fhiafruigh an ministir de'n bhuachaill aimsire cad é an breóiteacht a bhí air, agus dubhairt an buachaill gurab é an eagruadhas a bhí air. D'fhiafraigh an ministir de an raibh an dochtúir aige agus dubhairt sé go raibh agus go ndubhairt sé go raibh sé i gcontabhairt bháis agus gur orduigh sé gan na comharsain a leigeant chuige mar go raibh an galar tógálach. Tháinig crith agus eagla ar an ministir bocht agus ní fheadar sé cad do b'fhearr dó a dhéanamh. Tar éis a bheith ag machtnaimh tamaill, d'fhifraigh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Daibheád Ó Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork