Scoil: An Mhainistir, Móin Rátha (uimhir rolla 14243)
- Suíomh:
- Maighean Rátha, Co. Laoise
- Múinteoir: Br Columban Ó Cróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhainistir, Móin Rátha
- XML Leathanach 289
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)de'n bhuachaill cad í an áit sa tigh go raibh leabaidh in ar bhreóite. Dubhairt an buachaill gur i seómra ar chúl an tighe agus íseal cois talaimh. Annsan dubhairt sé leis an mbuachaill imtheacht roimis go dtí an tigh agus an fhuinneóg a bhí ins an seómra san d'fhosgailt.Nuair a tháinig an ministir sheas sé ar an dtaoibh amuigh de'n fhuinneóig agus pé abhlann a bhí aige le tabhairt do'n bhfear breóite thóg sé suas na láimh é agus ghlaodhuigh sé ar an bhfear breóite. "Feuch, A Sheáin," ar seisean. "Sin é é, Bíodh dúil agat ann agus deinfidh sé an oiread maitheasa dhuit is dá bhfuighfeá é." Annsan d'imthigh sé. Tháinig buairt mhór ar Sheán bhocht agus bhí eagla air go bhfuighfeadh sé bás agus gan aon solás faghálta aige i gcóir na síorraidheachta. Dubhairt an bheanaltra leis fios do chur ar an sagart agus gurbh 'fhéidir go ndeinfeadh sé maitheas éigin dó. Tar éis a bheith ag tathant air ar feadh tamaill, do ghéill sé agus tháinig an sagart. Chuaidh sé isteach go dtí an leabaidh na raibh an fear breóite agus d'fhan sé na theannta tamall mór fada agus is dócha gir dhein sé aithrighéacht maith de Sheán acht i gceann roinnt laetheannta is amhlaidh a thosnuigh Seán ar dhul i bhfeabhas agus i gceann trí seachtmhaine bhí sé na shláinte agus ag siúbhal amach dó féin. Do ráinig ar an am céadna go raibh an minister ag déanamh sochrughadh ar an dteampall agus bhí sé ag bailiú airgid ar fud na paróiste dhó.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Daibheád Ó Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí